Comhpháirtithe Carthanais Fógartha ag CnML
SA GHRIANGHRAF (Ó Chlé go Deas): Tom Forde, Faye Ní Dhomhnaill, Chloe Anderson agus Julieanne Ní Mhullaoidh (Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe)
Inniu d’fhógair Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe a gcomhpháirtithe carthanais don bhliain acadúil 2024/25, is iad sin Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe. Beidh imeachtaí tiomsaithe airgid á reáchtáil ag an gComhaltas le linn na bliana ar mhaithe leis an dá charthanas.
Arsa Faye Ní Dhomhnaill, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn: “Táimid ar bís cistí a bhfuil géarghá leo a thiomsú don dá charthanas seo a dhéanann obair na gcapall. Le himeacht na bliana acadúla, cuideoidh imeachtaí tiomsaithe airgid le mic léinn agus le baill foirne a mhothú go bhfuil siad páirteach i bpobal na hOllscoile, obair dheonach a dhéanamh, spraoi a bheith acu agus coinneáil gníomhach agus iad ag tiomsú airgid.”
Arsa Cathy Connolly, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú: “Is mór againn an tacaíocht a fhaighimid ó na mic léinn i gcónaí. Beidh an tionscnamh seo ina chuidiú againn seirbhísí comhairleoireachta a chur ar fáil do na cliaint s’againne atá thíos le foréigean gnéasach agus an liosta feithimh a laghdú. Táimid ag tnúth go mór leis an mbliain atá amach romhainn.”
Arsa Máire Bríd Ní Chonghaile ó Chomhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe: “Thar ceann an bhoird iontaobhaithe, na mball go léir, na n-úsáideoirí seirbhíse agus gach duine ag Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe, ba mhaith liom a rá cé chomh buíoch agus atá muid a bheith roghnaithe mar cheann de rogha carthanas Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe i mbliana. Cuirfidh sé ar chumas na Comhpháirtíochta breis tacaíochtaí agus seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine aonair agus do theaghlaigh.