
Rírá agus Rince Seite
Oíche den chéad scoth a bhí ag mic léinn na hollscoile agus ag muintir Chonamara ag an gComórtas Rince Seite ar son BÁNÚ na Gaeltachta.
Le hÁine Ní Shíocháin
Oíche Luain thaistil daichead mic léinn ón gCumann Rince Seite, ón gCumann Gaelach, ón gCumann Drámaíochta agus ón gCumann Cheoil Tradisiúnta go dtí Tígh Chualáin in Indreabhán chun freastail ar an gComórtas Rince Seite a bhí eagraithe ag an gCumann Rince Seite.
Bhí an Comórtas Rince Seite eagraithe, ullmhaithe agus déanta go léir ar son BÁNÚ na Gaeltachta. Bhí an raifil ag an gcomórtas ar son a gcúise agus bhailigh an Cumann Rince Seite níos mó ná trí chéad euro do BÁNÚ.
Is grúpa é BÁNÚ na Gaeltachta a bhíonn ag feachtasaíochta i ngleic leis an bhfadhb tithíochta i nGaeltacht Chonamara agus Árainn. Tá cás BÁNÚ i gcroílár go leor saolta na mic léinn sa Chumann Rince Seite. Is as áiteanna Gaeltachta do chuid mhór dóibh agus gan aon agó, bíonn deacrachtaí ag gach mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe le lóistín ollscoile ag uair amháin nó ag uair eile.
Tháinig moltóirí an chomórtais ó gach cearn den tír. Na moltóirí a bhí ann ar an oíche ná Christy Mac Gearailt ó Chontae Chiarraí, Leas-Uachtarán don Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, Julieanne Ní Mhullaoidh, ó Chontae Mhaigh Eo agus Aedraen Ó Dubhghaill as Contae Laoise (ach tá sé ina chónaí in Indreabhán le blianta anuas). Bhí Aedraen ann mar ionadaíocht ar BÁNÚ na Gaeltachta agus do mhuintir Chonamara. Do cheoltóirí bhí Reachtaire an Chumainn Rince Seite, Colm Ó hEartáin, ar an mbosca cheoil, Becky Ní Éallaithe ar an gconsairtín agus Cathal Ó Curráin ar an tionlacan, giotar agus bouzouki.
Bhí cúig fhoireann in iomaíocht don chéad duais, an buanchorn Rince Seite. Bhí ar na cúig fhoireann dhá fhigúir de seit tradisiúnta a dhéanamh agus figúir amháin de seit nua-chumtha. Bhí scleondar ann i dTígh Chualáin nuair a tháinig an chéad fhoireann amach chun rince, agus phioc siad Seit Chonamara mar a seit traidsiúnta. Babhta timpeall an tí agus luascadh i ndiadh, thug an lucht féachana na gártha molta dóibh agus bualadh bos go gcloisfear ar na hOileáin Árainn. Bhí an comórtas faoi bhealach!
Seit Chonamara, Seit Bhaile Bhúirne, Seit Pléin an Chláir, Seit Chiarraí Thiar agus Seit an Cladaigh níos déanaí bhí na rinceoirí traochta, bhí na moltóirí idir dhá chomairle agus bhí na ceoltóirí beagnach ritheadh amach as ríleanna! Agus mar is eol dúinn go léir, ní ceilí nó oireachtas na nGael é gan sos tae a bheith ag an imeacht. Gan aon agó, bhí an sos tae tuillte acu ag an bpointe sin. Tháinig an comhlacht iónadóireachta isteach le scealloga agus ispíní manglaim, bhí na piontaí a tharraignt agus bhí na doirse oscailte do phíosa aer úr.
Nuair a bhí ticéid an raifil díolta amach, bhí sé in am na seachtainí cóiréagrafaíochta agus cleachtaidh a chur ar an triail mar bhí an uair buailte linn do na seiteanna nua-chumtha. Idir na cúig fhoireann bhí céimeanna rince nua iontach léirithe, darbh ainmneacha “Spiorad na mBan” agus “Cúl-luascadh” . Anois, nílim cinnte an raibh muintir Chonamara réidh do chéim amháin, darbh ainm “Line Chonamara”, a bhí go bunúsach ina líne Chongó ach déanta i gCois Fharraige. Bhain an fhoireann gur chum an céim taitneamh as ar a laghad!
Dúirt Donnacha ó BÁNÚ na Gaeltachta faoin oíche “Ba é buaicphointe na hoíche an comórtas do rince seite nua. I mbun na moltóireachta bhí an saineolaí seite Christy Mac Gearailt, tagtha aníos ó Chorca Dhuibhne go speisialta don ocáid agus Aedraen Ó Dubhghaill agus Julieanne Ní Mhullaoidh ag tabhairt cúnamh dhó”
Na seiteanna nua-chumtha críochnaithe, tháinig nóimint na cinniúna. Cé a bheadh buaiteoirí an chéad Chomórtas Rince Seite? Bheul, Eamonn agus na Geallanaí a bhí ainm na foirne. Is as Indreabhán dá gcaptaen foirne, Eamonn, agus fuair an fhoireann, Eamonn san áireamh, rabharta buladh bos ón lucht féachana. Bronnadh an buanchorn orthu agus i ndiadh sin thosnaigh an céiliúradh a bheadh ag dul ar aghaigh san oíche.
Mar a deirtear, corn san aer do na Gaeil!!!

Beidh agóid ag BÁNÚ na Gaeltachta taomh amuigh Árais na Contaetha sa chathair ag meánlae ar an 10ú lá de mhí Márta mar chuid de lá gnímh náisiúnta an fheachtais . Bígí ann!
Níos mó ar Nuacht Cúla4 04/03/2025: https://cula4.com/en/video/nuacht-cula4/S2E89