
CnaML: An gCostas Maireachtála
Seolfaidh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe a dTuarascáil ar Chóiríocht agus ar an gCostas Maireachtála, dar teideal “Glúin na hEisimirce: Éileamh ar ár Rialtas deireadh a chur leis an nGéarchéim Náisiúnta Chóiríochta, an tseachtain seo. Seolfaidh siad an tuarascáil i dTeach Laighean agus iad ag obair le Máiread Farrell, TD de chuid Shinn Féin, agus tá cuireadh tugtha acu do gach TD a bhfuil suíochán sa Dáil acu faoi láthair chun freastal ar a gcruinniú eolais.
Cuireadh an tuarascáil le chéile agus úsáid á baint as sonraí a bhailigh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe ó 1,710 mac léinn, agus tugtar chun solais sa tuarascáil an éiginnteacht a bhaineann le cóiríocht agus tionchar na géarchéime costais maireachtála ar mhic léinn.
“Tá sé ríthábhachtach go labhraímid lenár lucht reachtaíochta maidir leis an ngéarchéim chóiríochta, agus go gcuireann muid in iúl dóibh gur ceist náisiúnta í an cheist seo, ceist a imríonn tionchar ar dhaoine óga ar fud na hÉireann. Is éasca beag is fiú a dhéanamh de ghéarchéim chóiríochta na mac léinn agus den ghéarchéim costais maireachtála agus de na tionchair a imríonn siad ar dhaoine óga, agus glacadh leis nach bhfuil iontu ach cuid den streachailt a bhaineann le tabhairt faoi oideachas tríú leibhéal. Thug muid faoi deara, mar sin féin, i dtuarascálacha dá macasamhail a d’fhoilsigh Aontas na Mac Léinn, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCCSU), Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI), Aontas Náisiúnta na Mac Léinn, Tuaisceart Éireann (NUS-USI) agus Aontas na Mac Léinn, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Faye Ní Dhomhnaill, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn:
(UCDSU), go bhfuil fadhbanna ann maidir le cóiríocht ar fud an oileáin seo, agus nach mór dár rialtas teagmháil a dhéanamh le hAontais Mac Léinn chun an Straitéis Náisiúnta Cóiríochta do Mhic Léinn a chur i bhfeidhm.”
Dúirt Leas-Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Tom Forde: “Tá ár 19,000 mac léinn fágtha san fhaopach ag an margadh cóiríochta príobháidí ar cíos mar gheall ar an easpa infheistíochta i gCóiríocht do Mhic Léinn a Tógadh le Sainchuspóir. Níl ach 1,867 leaba ar fáil do na mic léinn seo ag Ollscoil na Gaillimhe, agus tá ár mic léinn thíos leis i gcónaí de réir mar a leanann an margadh ag dul i léig agus níos lú cóiríochta á cur ar fáil ann seachtain i ndiaidh seachtaine. Is fíor go bhfuil lucht saothair óg agus léannta in Éirinn ach leantar fós féin le figiúirí a eisiúint, cosúil leis an gcaoi go bhfuil 68% de dhaoine 18-34 bliain d’aois ag cónaí go fóill lena dtuismitheoirí. Dheimhnigh muid inár dtuarascáil féin go gcónaíonn 12% dár mic léinn sa bhaile. Caillfidh muid ár mic léinn, ar mian leo dul ag obair sa lucht saothair agus níos mó staidéir a dhéanamh in Éirinn, de bharr easpa infheistíochta. Tá ar Institiúidí Ardoideachais agus ar an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta dul i dteagmháil le hAontais na Mac Léinn le limistéir ríthábhachtacha a shainaithint agus cóiríocht a chur ar fáil do mhic léinn atá i ngéarghátar, agus neamhspleáchas a aithint mar bhuncheart atá ag dul do Mhic Léinn.”
Sa ghrianghraf (ó chlé): Chloe Anderson, Faye Ní Dhomhnaill, Julieanne Ní Mhullaoidh agus Tom Forde (Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe)