Stair Flirt FM

(Bhí an t-alt le feiceáil in Eagrán 2023 de SIN - Léigh tuilleadh eagráin anseo).

 

An Tús:

Cuireadh na chéad síolta de raidió mac léinn i nGaillimh ag deireadh na 80idí le "UCG FM", stáisiún sealadach do Sheachtain na nGiobal, ach thosaigh an brú i ndáiríre chun stáisiún raidió lánaimseartha do mhic léinn a bhunú i nGaillimh nuair a bunaíodh Cumann Raidió na hOllscoile i 1993. Ar ámharaí an tsaoil, tharla bunú an chumainn díreach nuair a bhí Mícheál D. Ó hUiginn ag cur tús lena thréimhse mar an Aire a bhí freagrach as cúrsaí craoltóireachta agus thacaigh sé le raidió pobail ón tús ar fad. Le tacaíocht ó Sheán Mac Íomhair, Stiúrthóir seirbhísí closamhairc in Ollscoil na Gaillimhe, agus Gearóid Ó Tuathaigh, Leas-Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, rinne Ollscoil na Gaillimhe agus Coláiste Teicniúil Réigiúnach, Gaillimh (Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh) iarratas i gcomhpháirt. Caitheadh 1994-95 ansin ag fáil an mhaoinithe agus na saoráidí a bhí geallta ag an dá institiúid oideachais agus ag ullmhú le dul ar an aer.

Le ceadúnas ón gCoimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách mar chuid de scéim phíolótach i raidió pobail, thosaigh Flirt FM ag craoladh ar 105.6 FM ar an 28 Meán Fómhair 1995. Agus é ar cheann de 11 stáisiún sa scéim, bhí Flirt FM ar cheann de na ceithre stáisiún do phobal comhleasa a bhí á n-oibriú ag institiúidí tríú leibhéal. Dúradh ón tús gur raidió é a bhí á chur ar fáil ‘ag mic léinn do mhic léinn' agus moladh roinnt ainmneacha don stáisiún sular socraíodh ar cheann amháin. An chéad ainm a moladh ná Vox - vox toisc go gciallaíonn vox guth i Laidin agus go raibh an stáisiún le bheith ina 'ghuth do mhic léinn'. Diúltaíodh dó seo ós rud é go raibh iris cheoil sa Ríocht Aontaithe leis an ainm céanna. Bhuaigh Keith Wallace, fear a chaith tréimhse ina Bhainisteoir ar an stáisiún ina dhiaidh sin, an comórtas chun an stáisiún a ainmniú agus ghlac an coimisiún lena mholadh "Flirt FM" mar ainm. B’fhéidir gur acrainm cúlghabhálach é ach seasann Flirt FM do na focail Bhéarla ‘Fully Licenced Independent Radio Transmission’. (Le déanaí, shocraigh foireann an stáisiúin go seasann sé freisin do na focail Bhéarla “for lots of information, read the flipping manual”, focail chríonna agus stáisiún le reáchtáil acu!) Le linn na tréimhse seo, rinne an stáisiún ceiliúradh ar sheachtainí na ngiobal le craoltaí beo 24 uair an chloig. Níor bheag an t-éacht é sin an tráth úd agus an t-uathoibriú fós le ceapadh. Mar sin, bhí ar na hoibrithe deonacha a bheith i láthair an oíche ar fad, gach aon oíche.

Ceapadh Andrew Ó Baoill, bunaitheoir agus iar-iniúchóir an Chumainn Raidió, ina chéad bhainisteoir ar an stáisiún. Nuair a d'fhill sé ar a chuid staidéir i 1996, tháinig Fiona McNulty i gcomharbacht air. Ina dhiaidh sin, chaith Yvonne Igoe, Keith Wallace, Fiona Ní Lionnáin, Aine Lyne agus Ross Cunningham tréimhse i ról an bhainisteora agus tá Paula Healy ina bainisteoir ar an stáisiún anois ó bhí 2007 ann. D'oibrigh na baill foirne seo a leanas i bpoist tacaíochta amhail bainisteoir cúnta, bainisteoir léiriúcháin, ceannaire nuachta nó oiliúna, agus oifigeach for-rochtana: Dave Finn, Peter Tiernan, John Walsh, Louise Clarke, Alan Meaney, Padraig McMahon, Eoghan Holland agus Heather Hinchon-Quinn.

Forbairt:

I 2006, bhí sé in am don stáisiún iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nua deich mbliana, agus ar an dea-uair, ghlac Coimisiún Craolacháin na hÉireann leis an gcáipéis a bhí sa bhreis ar 70 leathanach gan soiléiriú a lorg, thug an ceadúnas don stáisiún, agus thug minicíocht nua dó freisin – 101.3 FM. Bhog an stáisiún a tharchuradóir amach ón gcampas go cnoc Thóin na Brocaí, siar ó thuaidh ón gcathair. Sa tréimhse seo, méadaíodh líon na n-uaireanta an chloig a chaitheadh an stáisiún ag craoladh, ó 60 uair an chloig go 100 uair an chloig sa tseachtain.

An chéad rud mór eile a tharla sa stáisiún ná an t-aistriú in 2009 a rabhthas ag súil leis le fada an lá ó Áras Uí Chathail go dtí Áras na Mac Léin, áit nua-thógtha ag an am sin. Agus lucht an stáisiúin ag feitheamh leis an aistriú seo, bhí an stáisiún á choinneáil le chéile le ceangail chábla agus téip dhuchta ag fanacht le deasc fuaime agus cáblaí úrnua a cheannach. Ar an 19ú Deireadh Fómhair 2009, d'fhill Micheál D. Ó hUigínn ar Ollscoil na Gaillimhe chun an t-áitreabh nua a sheoladh. Is san áit is fearr ar an mballa i halla an stáisiúin atá grianghraf an lá iontaigh sin fós le fáil. Ag baint leasa as an spás in Áras na Mac Léinn, rinne Flirt FM óstáil ar an gComhdháil Náisiúnta Raidió Pobail agus ar an gComhdháil Campus Connections go luath ina dhiaidh sin. D'fhág Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo an chomhpháirtíocht in 2010, i ndiaidh deacrachtaí a bhain leis an tseirbhís a reáchtáil go fóinteach ón dá champas. Oibríonn mic léinn Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, chomh maith le mic léinn ó Chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta agus daltaí meánscoile ó scoileanna ar fud na cathrach agus an chontae, fós sa stáisiún ar bhonn deonach agus cuirfear fáilte rompu i gcónaí é sin a dhéanamh.

Sa tréimhse ama seo, dhaingnigh an stáisiún naisc le cúrsaí agus ranna Ollscoil na Gaillimhe, go mór mór le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus le Roinn na hIriseoireachta, agus tá dea-chaidreamh ag an stáisiún i gcónaí le hAontas na Mac Léinn agus le hOifig na gCumann. Do chomóradh 20ú bliain an stáisiúin in 2015, rinne an stáisiúin craoladh speisialta, dinnéar mór, dioscó ciúin agus lá cainteanna a óstáil, agus i bpreabadh na súl, bhí sé in am ceadúnas nua deich mbliana a lorg in 2016.

Ón mbliain acadúil seo i leith, tá an stáisiún sásta a thuairisciú cé go mb’fhéidir nach bhfuil an nasc Idirlín soladach ar ais, tá an nasc daonna tar éis teacht. Tá oiliúint curtha ar chaoga oibrí deonach nua i seónna nua, taispeánadh iad agus leithroinneadh iad. Bhí ‘Seachtain Bheo’ ar siúl ón 6ú i mí an Mhárta chun spreagadh a thabhairt do oibrithe deonacha atá ann cheana féin a bhfuil taithí acu ar thaifeadadh sa bhaile filleadh ar an stiúideo agus oibrithe deonacha nua chun iarracht a dhéanamh dul beo den chéad uair, in ionad réamhthaifeadadh. Bhí 25 duine i 4 sheomra an stáisiúin ag amanna áirithe i rith na seachtaine agus bhí an spleodar agus an ghníomhaíocht le feiceáil. Sheol an stáisiún trí Shuaitheantas Digiteacha le CELT i mbliana freisin, agus bronnadh an chéad 20 micrichreidiúnú Radio Essentials, agus tonn eile le bheith ag deireadh an tseimeastair.

Bhí gach rud ag dul ar aghaidh go breá, agus an stáisiún ag teacht roimh dhul chun cinn nua sa teicneolaíocht agus ag dul in oiriúint dó sin, ag craoladh na mílte uair an chloig de raidió in aghaidh na bliana, agus suas le 150 oibrí deonacha agus aíonna gan áireamh ag glacadh páirte sa rud ar fad, nuair a bhí an bhliain 2020 buailte linn…

Mar aon leis an gcuid eile den ollscoil, d'fhág foireann agus oibrithe deonacha Flirt FM an campas ar an 12ú Márta, agus iad ag ceapadh go bhféadfadh roinnt seachtainí a bheith i gceist sula mbeadh gnáthoibríochtaí ar siúl arís. Ach céard a bhí rompu ach bliain iomlán de chianrochtain a fháil ar na ríomhairí stiúideo, de ceannlínte nuachta a chur le chéile ag bord na cistine, de shruth gréasáin a rith ón seomra suí, agus a súile ag éirí scamallach ó bheith ar Zoom. I rith na tréimhse seo ar fad, bhí faitíos an domhain ar fhoireann an stáisiúin go múchfaí ceachtar den dá ríomhaire sa stiúideo, nó an dá cheann díobh b’fhéidir, agus iad fágtha gan cead dul isteach in Áras na Mac Léinn chun iad a thosú an athuair, in ainneoin go raibh an raidió ainmnithe ina sheirbhís riachtanach. Bhí an foirgneamh ullmhaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar ospidéal machaire Covid ionchais, agus ní raibh rochtain ar bith ceadaithe faoi na rialuithe ionfhabhtaithe. Chuir díograis oibrithe deonacha an stáisiúin iontas orainn, agus iad ag foghlaim conas taifead a dhéanamh sa bhaile agus ag leanúint ar aghaidh lena gcuid seónna a sheoladh isteach. Go deimhin féin, agus na srianta taistil ba dhéine i bhfeidhm, bhí an stáisiún ag craoladh 24/7 ar feadh tamaill den chéad uair riamh, agus é ina chompánach don phobal agus ina bhealach chun a gcuid tuairimí agus mothúcháin a ligean amach. Leis seo, cuireadh tús leis an 'Táthcheangal Pobail', ceann de na forbairtí is fearr i stair an stáisiúin. A bhuí leis an teicneolaíocht ciantaifeadta agus cian-óstála, ní hamháin go raibh oibrithe deonacha agus aíonna reatha an stáisiúin in ann craoladh a dhéanamh, ach bhí grúpaí agus daoine eile a bhí an taisteal deacair dóibh roimhe seo in ann rochtain a fháil ar na haerthonnta le linn na tréimhse seo. Dá bharr sin go léir, tá athrú paraidíme tagtha ar an stáisiún ó thaobh rannpháirtíocht agus ionchuimsiú an phobail de.

Ceadaíodh don chroífhoireann agus iad ag obair ar shealanna ina n-aonar, rochtain aonuaire a fháil ar an stiúideo chun “maratón craolta beo 25 uair an chloig agus dianscaradh sóisialta i bhfeidhm" a reáchtáil chun céimithe an stáisiúin a nascadh beo leis an stiúideo trí Zoom ó áiteanna éagsúla ar fud an domhain amhail Páras, California, Vítneam agus Maigh Eo chun ceiliúradh a dhéanamh ar 25 bliainú comóradh i Meán Fómhair 2020. Not the social heights of the 20ú de Flirt FM i mí Mheán Fómhair 2020. Ní raibh an ceiliúradh chomh mór agus a bhí an comóradh 20 bliain a bhunaithe, ach ba mhór an ceiliúradh é i bhfianaise chúinsí na paindéime a bhí fós ar siúl.

De réir mar a d'fhill daoine ar an gcampas, bhuail cibearionsaí an ollscoil, rud a chuir isteach ar chúrsaí craoltóireachta ar bhealach ní ba mheasa ná Covid, fiú. Ag brath go minic ar dhangail réamhíoctha chun an stáisiún a shruthlú ar an idirlíon agus na seónna a cuireadh isteach a íoslódáil, bhí an cumhdach sonraí chomh lag sin go raibh ar bhaill foirne, intéirnigh agus oibrithe deonacha oibriú ón mbaile. Mar sin, bhí an stáisiún - agus an campas - fós ciúin, i gcomparáid le hinstitiúidí eile a bhí ag filleadh de réir a chéile ar bheocht agus ar anam shaol an choláiste. Scriosadh an suíomh gréasáin freisin agus bhí gá le ceann nua a chur ina áit. Tá an suíomh gréasáin nua flirtfm.ie níos solúbtha agus níos éasca leis an eolas is deireanaí a chur air.

Ag éirí as Covid, tá athrú chun feabhais tagtha ar an mbealach a ritear an stáisiún. Rinneadh seomra fuaimiúil de gach seomra sa stáisiún agus, mar sin, is féidir gach cuid den stáisiún a úsáid le haghaidh taifeadta, rud a fhágann gur acmhainn níos solúbtha é an stáisiún anois. Suiteáladh deasc dhigiteach nua i Stiúideo 2 ionas gur féidir le baill foirne agus le mic léinn taithí a fháil ar phíosa fearas atá ar chaighdeán an tionscail, rud a chabhraíonn chun breis scileanna inaistrithe a thabhairt dóibh go léir. Tá ag leanúint ar aghaidh leis na táthcheangail phobail, nuair a ghlacann breis agus 40 grúpa seilbh ar an stáisiún chun a scéalta féin a insint gach aon bhliain.

Agus ball foirne íoctha lánaimseartha amháin agus beirt bhall foirne páirtaimseartha againn atá freagrach as oibríochtaí agus comhlíonadh, oibríonn suas le 150 oibrí deonach sa stáisiún agus cuireann go leor leor daoine eile le hobair an stáisiúin gach uile bhliain. Glacaimid le daoine ar socrúcháin tríú leibhéal, socrúcháin Idirbhliana, agus socrúcháin ón gclár Tús agus ón scéimFostaíochta Pobailgach bliain freisin. Tá ríméad orainn dul i gcomhpháirtíocht le Foróige, Shining Light, Féile Idirnáisiúnta Ealaíon Baboró do Leanaí, Oifig Leas-Uachtaráin Ollscoil na Gaillimhe um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú, MAanna agus an BA san Iriseoireacht, BA sna Meáin Dhomhanda agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i measc nithe eile chun cláir raidió a chruthú ar bhonn rialta.

Táimid ar FM 11:00-04:00 Luan-Aoine, 13:00-22:00 ar an Satharn, agus bíonn sruth gréasáin ar siúl 24/7 an t-am ar fad, mar sin, fiú nuair nach mbíonn muid beo ar 101.3 is féidir éisteacht linn i gcónaí. Tógann muid am saor ó FM le linn thréimhsí gnóthacha na scrúduithe ar an gcampas. Is iad na príomhréimsí ar a mbíonn ár gcuid gcraoltóireachta dírithe ná ar shaincheisteanna mac léinn agus nuacht, an t-eolas is déanaí ar spóirt áitiúla, ar chúrsaí comhshaoil agus ar chúrsaí eolaíochta, agus ceol nua na hÉireann.

I gcaitheamh na mblianta, chonaic muid tuilte agus gearrthacha cumhachta, cúistí trealaimh, cáblaí ríthábhachtacha á ngearradh, tarchuradóirí ag fáil bháis agus ag róthéamh, rochtain shrianta ar an bhfoirgneamh, deora, uaireanta fada, agus crá croí ceart. Is toradh na bhfadhbanna ar fad atá réitithe agus sáraithe aige go dtí seo atá le feiceáil sa stáisiún anois. Táimid ag déanamh roinnt beag machnamh faoi láthair ar cad ba cheart a dhéanamh don chomóradhú bliain, ach go ceann píosa eile, tá ríméad orainn a bheith ag craoladh le 27 bliain anuas, a bhuí sin le breis agus míle láithreoir deonach, leis na mílte aíonna, éisteoirí agus lucht tacaíochta pobail, agus leis na cupáin tae agus caife agus na sneaiceanna síoraí go léir!

(Blúire beag eolais do shaoithíní na meán: bhí an Coimisiún Neamhspleách Raidió agus Teilifíse ar an bhfód ar dtús; bunaíodh CCÉ/Coimisiún Craolacháin na hÉireann ina dhiaidh sin, agus ansin bunaíodh an eagraíocht atá ann anois, Údarás Craolacháin na hÉireann, nó Coimisiún na Meán mar a thugtar air anois. Tá súil againn go gcuirfear an cheist sin ort i dtráth na gceist boird lá éigin).

Foireann an Stáisiúin Trí na hAois

AinmRólDáta
Andrew Ó BaoillRiarthóir Gníomhach01/03/95-30/08/95
Bainisteoir Stáisiúin01/09/95-30/09/96
Fiona McNultyBainisteoir Stáisiúin01/10/96-15/10/98
Yvonne IgoeBainisteoir Stáisiúin16/10/98-12/04/00
Keith WallaceBainisteoir Gníomhach03/04/00-18/06/00
Bainisteoir Stáisiúin19/06/00-01/10/01
Dave FinnBainisteoir Gníomhach02/10/01-21/10/01
Fiona Ní LionnáinBainisteoir Stáisiúin22/10/01-15/05/03
Áine LyneBainisteoir Stáisiúin21/05/05-31/12/04
Ross CunninghamBainisteoir Stáisiúin24/01/05-29/11/05
Paula HealyBainisteoir Cúnta24/01/05-29/11/05
Bainisteoir Gníomhach30/11/05-27/03/07
Bainisteoir Stáisiúin28/03/07-I láthair
Peter TiernanBainisteoir Cúnta28/11/05-02/03/07
John WalshBainisteoir Táirgthe25/06/07-10/06/08
Louise ClarkeBainisteoir Táirgthe23/06/08-25/01/13
Alan MeaneyBainisteoir Táirgthe15/04/13-24/02/16
Eoghan HollandCeannaire Nuachta23/11/15-I láthair
Padraig McMahonOifigeach Oiliúna & For-rochtana12/07/17-31/12/19
Heather Hinchon-QuinnOifigeach Oiliúna & For-rochtana01/11/20-I láthair

Mionchlár Faisnéise ar Flirt FM (léirithe ag Colm Dunne)

Clár Faisnéise An Chéad 20 Bliain(léirithe ag Eoghan Holland)


 

 

English