Seachtain na Gaeilge

Sheol Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh a chlár imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge
inniu, a bheidh ar siúl ó Dé Céadaoin an 1 Márta go dtí Lá Fhéile Pádraig, Dé hAoine an 17
Márta. Spreagfaidh an tseachtain seo mic léinn agus baill foirne ar fud na hOllscoile cibé
leibhéal Gaeilge atá acu a úsáid ag imeachtaí spraíúla, saor in aisce, cuimsitheacha.
Beidh oíche de chultúr Gaelach ann, ina ndéanfar ceiliúradh ar bhuanna bhaill foirne agus
mic léinn na hOllscoile le filíocht, amhránaíocht, prós agus damhsa i nGaeilge. Chomh maith
leis sin, tarraingeoidh Comhaltas na Mac Léinn aird ar fheachtais atá dírithe ar chearta
teanga na Gaeilge, amhail An Dream Dearg. Beidh an rang Gaeilge 101, a mbíonn an-tóir air i
gcónaí, ar ais chun blaiseadh den Ghaeilge a thabhairt do dhaoine.


“Tá lúcháir orainn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a sheoladh chun pobal na hOllscoile a
spreagadh níos mó Gaeilge a labhairt in atmaisféar spraíúil agus suaimhneach. Is sinne an
chéad Chomhaltas Mac Léinn sa tír a bhfuil Oifigeach Gaeilge lánaimseartha aige agus níl ár
straitéis Gaeilge ach ina tús leis na himeachtaí seo.”

Sai Gujulla, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn

Táimid ar bís chun fáilte chroíúil a chur roimh an nGaeilge sa champas i rith Sheachtain na Gaeilge.
Beidh comhoibrithe iontacha ag cabhrú linn leis an tseachtain a reáchtáil, agus iad ag cur
seónna Flirt FM i láthair i nGaeilge, agus ag reáchtáil tob-sheisiún ceoil traidisiúnta, oíche de
chultúr Ghaelach agus ar ndóigh Céilí Mór ag Sult. Seachtain spraíúil a bheidh inti!”

Leas-Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn don Ghaeilge, Barry Ó Siochrú

Tá lúcháir orainn craoladh seachtrach speisialta a bheith againn, le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (& aoinna), Dé Máirt 7 Márta ó 10:30-12:00.
Éist isteach agus seol teachtaireachtaí chuig 0834331013!

Sa ghrianghraf (Ó Chlé go Deas): Imogen O’Flaherty Falconer, Barry Ó Siochrú agus Sai Gujulla (Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh)

Leave a Comment

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Contact the Studio




    Location

    College Campus Radio DAC © 2024.