Seachtain Gaelach Beo!

Tá Seachtain Ghaelach le Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh ar siúl ó Dé Luain an 14 Samhain go Dé hAoine an 18 Samhain.
Spreagfaidh an tseachtain seo mic léinn agus baill foirne ar fud na hOllscoile cibé leibhéal Gaeilge atá acu a úsáid ag imeachtaí spraíúla, saor in aisce, cuimsitheacha. Chun tús a chur leis an tseachtain beidh Tob-Ghaeltacht maidin Dé Luain ag Túr Tumadóireachta na Carraige Duibhe. Beidh Comhaltas na Mac Léinn ag obair i gcomhar le snámhóirí na carthanachta Coldvember ag an ócáid seo, chun an Ghaeltacht a thabhairt chun na farraige agus chun cuidiú leis na mic léinn iad féin a théamh suas tar éis bheith ag
snámh le seisiún ceoil traidisiúnta. Beidh Corn Liam Mhic Cárthaigh agus Corn Sam Mhic Uidhir ar taispeáint in Oifig Chomhaltas na Mac Léinn Dé Luain freisin, agus féadfaidh lucht leanúna uile CLG ar an gcampas dul ag breathnú orthu.

“Táimid ar bís chun fáilte chroíúil a chur roimh an nGaeilge sa champas i rith na Seachtaine Gaelaí. Beidh comhoibrithe iontacha ag cabhrú linn leis an tseachtain a reáchtáil, agus iad ag cur seónna Flirt FM i láthair i nGaeilge, agus ag reáchtáil tob-sheisiún ceoil traidisiúnta, oíche de chultúr Ghaelach agus ar ndóigh Céilí Mór ag Sult. Seachtain spraíúil a bheidh inti!”

Leas-Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn don Ghaeilge, Barry Ó Siochrú

Éist leis an clár gach lá ó 13:00 go 14:00 (agus éist siar thíos, tar éis an craoladh).

Leave a Comment

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Contact the Studio




    Location

    College Campus Radio DAC © 2024.